Press Releases
Coiste nuathofa ag Cumann Gaelach na hEaglaise
(English version below)Ag an gCruinniú Chinn Bhliana ar 11 Meitheamh in Ardteampall Chríost toghadh coiste nua ag Cumann Gaelach na hEaglaise, tar éis seirbhíse in onóir Naomh Colm Cille i Séipéal Mhuire san Ardeaglais.
Bíonn an cruinniú chinn bhliana ag Cumann Gaelach na hEaglaise ar an Satharn is cóngaraí d' Fhéile Cholm Cille. Bhí an tUrr Elaine Dunne i mbun seirbhíse.
Tá ochtar ceapadh ar an gcoiste nua agus tá an Dr. Kenneth Milne ceaptha ina Uachtarán Oinigh ar an gCumann.
Is iad na baill nua atá ar an gcoiste ná:
Dáithí Ó Maolchoile (Cathaoirleach agus Cisteoir Oinigh) Aonghus Dwane, (Rúnaí Oinigh), An tUrr Máirt Hanley, An tUrr Elaine Dunne, An Dr. Kenneth Milne, Seathrún MacÉin agus Eileen McCracken.
Tuairiscíodh go raibh seirbhísí i nGaeilge go míosúil i mBÁC agus go raibh seirbhísí i nGaeilge in Ard Mhacha, Cill Choinnigh, Gaillimh, Béal Feirste agus Dún Phádraig i rith na bliana.
Tá níos mó ná 70 duine mar bhall don Chumann faoi láthair.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le seirbhísí i nGaeilge, nó ar fhoilseacháin agus imeachtaí Chumann Gaelach na hEaglaise,ón Oifigeach Forbartha Gaeilge Caroline Nolan ag [email protected] nó cuir scairt uirthi ag 026 45741 nó 085 1632.
Féach freisin www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com
A new committee was elected at the AGM of Cumann Gaelach na hEaglaise/(Irish Guild of the Church) on 11 June, after a service in the Lady Chapel, Christ Church Cathedral to commemorate St. Columba.
Cumann Gaelach na hEaglaise hold their AGM on the closest Saturday to St. Columba’s Day each year. The Rev Elaine Dunne led the service.
The newly elected members of the committee are:
Dáithí Ó Maolchoile (Chair and Hon. Treasurer) Aonghus Dwane (Hon Sec), An tUrr Máirt Hanley, An tUrr Elaine Dunne, An Dr. Kenneth Milne, Seathrún MacÉin agus Eileen McCracken.
The meeting heard that there were monthly services in Irish in Dublin throughout the year and that special services in Irish had taken place in Armagh, Kilkenny, Galway, Downpatrick and Belfast.
There were more than 70 members of the Cumann in 2011.
Cúlra Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean–Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise. Background Information Cumann Gaelach na hEaglaise: The Irish Guild of the Church was founded in 1914 to (1) promote all that tends to preserve within the Church of Ireland the spirit of the ancient Celtic Church and to provide a bond of union for all members of the Church of Ireland inspired with Irish ideals, (2) promote the use of the Irish language in the Church, (3) collect from Irish sources suitable hymns and other devotional literature, (4) encourage the use of Irish art and music in the Church.CUMANN GAELACH NA hEAGLAISE / The Irish Guild of the Church